Tá MacLitirú ar fáil le cabhrú leat ag scríobh i nGaeilge ar do ríomhaire Mac. Oibríonn sé don Mac OS X 10.6 (Snow Leopard) agus ar aon leagan i ndiaidh sin.
Ní oibríonn sé ar Microsoft Office ach oibríonn sé sna bogearraí Safari, Pages, Keynote, Messages, Mail, Numbers, TextEdit.
Is féidir leat é a íoslódáil ón suíomh thíos
Tá an litreoir seo bunaithe ar Gaelspell, agus déantar athnuachan rialta air. Mar sin is féidir muinín a bheith agat as na torthaí.
Tá Gaelspell bunaithe ar fhoclóir Uí Dhomhnaill. Bheadh iontas ort a fháil amach go bhfuil roinnt focal a aithnímid mar ghnáthfhocail agus nach bhfuil liostáilte in Ó Domhnaill, mar shampla an focal “cuíosach”. ("Cuibheasach” atá ag Ó Domhnaill.) Tá bearnaí eile ann freisin. Mar sin ní aithníonn Gaelspell iad ach oiread, cé go nglactar leo sa ghnáthscríobh. Freisin, ní aithníonn Gaelspell comhfhocail, sé sin focail a dhéantar trí dhá fhocal eile a nascadh le chéile. Níl tada cearr leo, áfach.
Moltaí Aistriúcháin: | eolas@snasta.ie |