Video2mp3.net

Údar:

Video2mp3.net

Ceadúnas: Saor ó chostas
Maidir Leis

Is suíomh é Video2mp3.net chun físeáin ar shuíomhanna ar nós YouTube a thiontú go dtí comhaid fhuaime MP3. Is bealach iontach é chun comhaid cheoil a ghabháil agus éisteacht leo. Tá sé gasta, ar fáil saor in aisce agus ní gá clárú chun leas a bhaint as. Níl de dhíth ach URL físeáin: tiontóidh Video2mp3.net an físeán go dtí comhad MP3 agus cuirfear seoladh ar fáil chun an fuaimrian nua MP3 a íosluchtú. Mar thoradh air sin, is féidir éisteacht le hamhráin YouTube ar gach seinnteoir MP3.

Treoracha

Is féidir breiseán a fháil do na brabhsálaithe seo a leanas - Mozilla Firefox, Chrome agus Safari. Má dhéantar é a shuiteáil, ní gá dul go dtí an suíomh féin mar bíonn nasc díreach i YouTube nó sna suíomhanna físeán go dtí an áis tiontaithe.

Léirmheas

Faraor tá an suíomh truaillithe le fógraí. Is é seo an dóigh a íoctar as an suíomh. Bí ar d’airdeall mar osclaíonn fógraí aníos nuair a thosaíonn tú ag baint feidhm as an suíomh. Is féidir bac a chur orthu seo ar Mozilla Firefox agus brabhsálaithe eile, faoi Roghanna.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Seanán Ó Coistín

An tAistriúchán:

Tá an suíomh ar fad aistrithe go Gaeilge.

Moltaí Aistriúcháin:

seanan@durud.ie

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ