Audacity

Údar:

Audacity

Ceadúnas: Saor, foinse oscailte
Teagmháil:

http://audacity.sourceforge.net/download/

Maidir Leis

Is feidhmchlár saor in aisce bunaithe ar an bhfealsúnacht foinse oscailte é Audacity. Is chun fuaimeanna a thaifead agus a chur in eagar é. Tar éis fuaim a thaifeadadh (ó mhicreafón nó ó shruth éigin eile ar an ríomhaire) is féidir gach cineál éifeacht a chur leis: macalla, treisiú doird, aisiompú, inbhéartú agus mar sin de. Iontach úsáideach. Tá neart eile gur féidir a dhéanamh leis; is uirlis innealtóireachta fuaime den scoth é.

Treoracha

Déantar an clár seo a íosluchtú ar an ngnáthbhealach.

Aire: Le deireanaí, athraíodh an chaoi a roghnaíonn an clár an teanga oibre. Bhí an t-am ann gur roghnaigh tú an clár agus é á shuiteáil. Anois, roghnaítear an teanga go huathoibríoch, sé sin, roghnaítear teanga an chórais oibriúcháin. Ba cheart go roghnófaí Gaeilge más í sin an teanga ar do chóras.

Ach, faoi mar a tharla ar an ríomhaire ag údar an ailt seo, is i mBéarla a bhí an clár ag feidhmiú. Is féidir, áfach, an scéal seo a réiteach trín teanga a athrú go díreach:

  • Roghnaigh an dara roghchlár, ag barr ar chlé ("Edit”, is dócha).
  • Roghnaigh an rogha ag bun ar fad ("Preferences”, is dócha).
  • Roghnaigh an cúigiú rogha ón mbarr ("Interface”, is dócha).
  • Ar an taobh dheis, oscail an bosca leis an liosta teangacha.
  • Roghnaigh an teanga atá uait ("Gaeilge/Irish”, is dócha).
  • Brúigh “Enter”.

Tuilleadh eolais anseo.

Léirmheas

Feidhmíonn an clár seo go breá.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Kevin P. Scannell a chríochnaigh. Tosaithe ag duine anaithnid. Tá gá athnuachan a dhéanamh air anois, ós rud é go bhfuil athruithe nua ann.

An tAistriúchán:

Tá sé go huile is go hiomlán aistrithe go Gaeilge.

Is sáraistriúchán, an-sothuigthe, atá ann.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ