Mozilla Thunderbird

Údar:

Mozilla

Ceadúnas: Saor, foinse oscailte
Maidir Leis

Is feidhmchlár chun ríomhphoist a scríobh, a sheoladh agus a ghlacadh is ea Mozilla Thunderbird. Is feidhmchlár foinse oscailte é, agus tá sé in úsáid go han-forleathan ar fud an domhain. Baineann an-chuid comhlachtaí leas as freisin. Go minic úsáidtear é in éineacht le LibreOffice (nó OpenOffice.org) agus Mozilla Firefox chun pacáiste iomlán bunúsach agus fiúntach a chur ar fáil ar ríomhaire saor ó chostas.

Treoracha

Cliceáil ar an nasc thuas, agus lean na treoracha.

Ba cheart duit an breiseán do Ghaelspell a chur i bhfeidhm air freisin.

Léirmheas

Oibríonn an clár seo go breá.

Má bhaineann tú leas as Microsoft Outlook do na teachtaireachtaí gnó agat, agus má tá seoladh ríomhphoist phearsanta agat freisin, is féidir leat Mozilla Thunderbird a chur ag obair freisin ar an ríomhaire céanna chun déileáil leis na teachtaireachtaí pearsanta. Ar an mbealach sin, is féidir an dá chomhad a choinneáil neamhspleách ó chéile.

Laistigh de Mozilla Thunderbird, is féidir bainistiú a dhéanamh ar an iliomad seoltaí ríomhphost. Is féidir leis seo a bheith an-áisiúil i gcomhthéacs chomhlachta bhig.

Tá áis ar leith ann freisin i Mozilla Thunderbird do ríomhtheachtaireachtaí gmail. Tá sé an-éasca iad a shocrú.

Gnéithe Eile

Is féidir féilire darbh ainm Lightning a shuiteáil ann agus imeachtaí (.i. cruinnithe) a shonrú ann. Freisin, is féidir an comhéadan a athrú re réir mianta pearsanta.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Mozilla - L

An tAistriúchán:

Tá an feidhmchlár ar fad aistrithe go scoth na Gaeilge.

Tá litreoir leictreonach den scoth ann dó freisin, bunaithe ar Gaelspell, atá curtha in oiriúint do Mozilla Thunderbird.

Moltaí Aistriúcháin:

gaeilge@mozdev.org

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ