Tux Paint

Údar:

Bill Kendrick agus eile

Ceadúnas: Saor ó chostas
Maidir Leis

Is ríomhchlár saor ó chostas é Tux Paint do pháistí idir 3 agus 12 bliana d’aois. Tá comhéadan simplí air, fuaimeanna spraíúla agus sonóg a threoraíonn na páistí agus iad ag tarraingt íomhánna. Is féidir dathanna, línte, agus cruthanna éagsúla de gach sórt a roghnú, agus pictiúir an-thaitneamhacha a tharraingt. Freisin, tá sé deacair ag páiste botún a dhéanamh agus pictiúr nua a chailleadh, mar tá cuimhne maith sa chlár, fiú má fhágtar é de thimpiste.

Treoracha

Déan an clár a íosluchtú agus a chur i bhfeidhm ar an ngnáthbhealach.

Nuair a dhéantar an clár a chur i bhfeidhm tugtar rogha teanga, gan mórán teanga ar an liosta. Níl Gaeilge air. Is féidir an teanga réamhshocraithe a roghnú anseo (Béarla), agus an teanga a athrú ar ball go Gaeilge (muna ndéanann an ríomhaire féin é sin as a stuaim féin). Chun an teanga a athrú, ní mór clár eile a rith, an clár ar a nglaoitear “Configure Tux Paint”. Is clár eile é seo a thagann leis an íosluchtú céanna, agus a shuitear ag an am céanna. Nuair a ritear an clár seo, feictear cluaisíní, agus “Languages” ar cheann acu. Roghnaigh Gaelic (Ireland) ar an liosta sin, agus brúigh “Apply”.

Má tá fadhb ann leis an scáileán (muna bhfeictear ach cuid den fhuinneog, gan an barr b’fhéidir), tá fadhb ann leis an socrú “Video”. Is féidir é sin a cheartú tríd an dá rogha “Fullscreen” agus “Native Screen Size” sa chlár “Configue Tux Paint” a luaitear thuas a roghnú. Féach thíos.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Ní fios cé a d’aistrigh.

An tAistriúchán:

Tá formhór de aistrithe go Gaeilge. Uaireanta feictear focal nó dhó i mBéarla. Gach seans go gceartófar é sin amach anseo.

Tá an t-aistriúchán maith.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ