Miro

Údar:

Participatory Culture Foundation

Ceadúnas: Saor, foinse oscailte
Maidir Leis

Is seinnteoir físeán saor in aisce é Miro. Ligeann sé duit gach cineál físchomhad agus comhad fuaime a sheinm. Seinntear físeáin ardghléine air. Is féidir freisin físeáin a íosluchtú ó YouTube leis. Is féidir podchraoltaí a íosluchtú agus éisteacht leo ann. Tá eolaire ag Miro freisin inar féidir físeáin a lorg agus a roghnú.

Treoracha

Téigh chuig roghchlár “Options” agus ansin “Preferences” chun teanga an chomhéadain a athrú go Gaeilge. Ní mór Miro a thosú arís chun an Ghaeilge a chur i bhfeidhm air.

Seans, má tá córas oibriúcháin an ríomhaire socraithe agat cheana féin go Gaeilge, nach gá an teanga a roghnú mar go mbíonn sé i nGaeilge cheana féin (an rogha réamhshocraithe, “system default").

Nóta: Iarrtar ort an dteastaíonn uait inneall cuardaigh AVG a íosluchtú freisin, i rith na suiteála. Molaimid diúltú dó seo, mar athraíonn sé rudaí ar an gcóras.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Seanán Ó Coistín

An tAistriúchán:

Tá formhór an ríomhchláir seo aistrithe go Gaeilge. Tá roinnt téarmaí neamhchoitianta ann, leithéidí “líonléitheoir” (=brabhsálaí).

Moltaí Aistriúcháin:

seanan@durud.ie

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ