e-Sword

Íosluchtaigh
Údar:

e-Sword

Ceadúnas: Saor
Eile 
Maidir Leis

Más mian leat An Bíobla Naofa a léamh i nGaeilge ar do ríomhaire, tá áis ann duit. Is éard atá in e-Sword ná ríomhchlár don Bhíobla. Is féidir an téacs i nGaeilge a léamh le hais téacs i dteangacha eile: tá sé ar fáil in an-chuid teangacha. Is féidir freisin léarscáileanna agus íomhánna a fheiceáil chun tíreolas an Bhíobla a thuiscint. Tá foclóirí agus nótaí tráchtaireachta ar fáil freisin chun tuilleadh eolais agus tuisceana a fháil air. Is do ríomhaire Windows amháin a oireann e-Sword.

Treoracha

Níl an téacs le feiceáil go díreach ar an idirlíon. Ní mór feidhmchlár a íosluchtú agus a chur ag obair ar an ríomhaire ar dtús báire, agus ansin is féidir an téacs a léamh.

Mar sin...

Íosluchtaigh an ríomhchlár ar dtús, de réir an naisc thuas.

Is féidir feidhm a bhaint as e-Sword trí mheán na Gaeilge ach an comhad ‘e-Sword GUI Localization’ ón leathanach ‘Íosluchtuithe’ a íosluchtú agus a shuiteáil.

Chun an teanga a athrú téigh chuig an roghchlár: Options > Language > Gaeilge.

Ní mór ansin dul go dtí an leathanach seo chun téacs an Bhíobla a fháil. Comhad comhbhrúite ZIP a gheofar ansin. Tá treoracha eile ansin chun cabhrú leat an téacs Gaeilge a shuiteáil in e-Sword.

Aistriúchán

An tAistriúchán:

Aistríodh An Bíobla go Gaeilge tamall maith ó shin.

Sa phacáiste áirithe seo tá an comhéadan ar fáil i nGaeilge freisin.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ