Údar: | OpenOffice.org |
Ceadúnas: | Saor, foinse oscailte |
Teagmháil: | dev@ga.openoffice.org |
Sraith feidhmchlár iomlán “foinse oscailte” agus “caighdeán oscailte” is ea OpenOffice.org atá comhoiriúnach le gach mórshraith feidhmchlár (Microsoft Office san áireamh). Tá sé saor in aisce agus tá an leagan is úire, 3.2, ar fáil i 67 dteanga. Tá próiseálaí focal ann, scarbhileog mar aon le clár cur-i-láthair agus roinnt áiseanna eile. Is féidir comhaid PDF a chruthú go díreach leis, freisin. An-úsáideach agus an-forleathan.
Íosluchtaítear an sraith clár seo ar an ngnáthbhealach. Tarlaíonn gach rud go héasca agus go rialta.
Tá an comhad a íosluchtaítear an-mhór, idir 150Meg agus 200Meg. Tógann sé tamall, fiú ar an leathanbhanda, agus tá gá le spás ar an diosca crua chuige.
Is é atá sa chlár seo ná freagra an domhain foinse oscailte ar Microsoft Office. Is féidir Writer a úsáid in ionad Word, Calc a úsáid in ionad Excel, agus Impress in ionad Powerpoint. Níl macasamhail Outlook (an clár ríomhphoist i MS Office) sa phacáiste, ach is féidir Mozilla Thunderbird a úsáid chuige sin (clár eile foinse oscailte a úsáidtear go forleathan), agus atá ar fáil i nGaeilge (Féach anseo).
Ar ndóigh, an difear is suntasaí idir OpenOffice.org agus Microsoft Office ná go bhfuil an chéad cheann acu saor ó chostas.
Is féidir comhaid PDF a chruthú go díreach le hOpenOffice.org ar bhealach an-éasca.
Tá an tacaíocht is fearr Gaeilge do aon phróiseálaí focal ar fáil do OpenOffice.org Writer. Tá litreoir leictreonach (Gaelspell) a athnuaitear go minic ann, mar aon le teasáras. Ceaptar go mbeidh áis scrúdaithe graiméir ann freisin go luath. Tá a thuilleadh eolais ann faoi ar scriobh.ie.
Is iad Sun Microsystems a bhí freagrach ar feadh na mblianta as OpenOffice.org. Anois, agus an chuideachta mar chuid de Oracle, tá Oracle freagrach as an togra. Tá sé suntasach go bhfuil cuideachta phríobháideach ag cur na seirbhíse seo ar fáil.
Bainisteoir Aistriúcháin: | Kevin P. Scannell |
An tAistriúchán: | Tá an ríomhchlár ar fad aistrithe go Gaeilge. Tá an litreoir leictreonach Gaelspell ar fáil dó freisin. Tá an t-aistriúchán an-mhaith agus an-sothuigthe. |