Seans Eile

Údar:

Nualéargais

Ceadúnas: Saor ó chostas
Teagmháil:

Nualéargais

Maidir Leis

Forbraíodh Seans Eile mar áis chun Gaeilge a chleachtadh, trí bhéim a chur ar na rudaí is deacra don úsáideoir. Cuireann an clár ceisteanna, agus déanann sé anailís ar na freagraí. Ní athchuirtear chomh minic sin ceisteanna a freagraítear i gceart, agus tugtar seans eile don úsáideoir i gcás na gceisteanna nach bhfreagraítear i gceart. Áis foghlamtha an-úsáideach ar fad.

Treoracha

Tá méid thart ar 8Meg sa chomhad íosluchtaithe.

Dáiríre, níl sé éasca an clár seo a chur ag obair. Tá an modh suiteála an-chasta. Cuirfear a tuilleadh eolais ar an suíomh seo maidir leis an gceist seo.

Léirmheas

Dearadh an cluiche seo go maith.

Ní fheicfidh tú an iomarca faisnéise nua ag aon am amháin (rud a bhainfeadh do mhisneach díot) agus ní dhéanfaidh tú an rud ceannann céanna arís agus arís eile (rud a bheadh leadránach duit). Caithfidh tú formhór an ama le hábhar atá i gcúl do chinn agus ar gá a chleachtadh. Caithfidh tú roinnt ama eile le hábhar nua, agus roinnt ama eile le hábhar atá ar eolas go maith agat ach ar mhaith leat é a bheith ar bharr do ghoib agat.

Dearadh Seans Eile freisin chun go bhféadfá an clár a chur in oiriúint do do chuid riachtanas go furasta. Nuair a thiocfaidh tú ar fhocail nua agus ar fhrásaí nua, féadfaidh tú iad a chur leis an liosta ceisteanna le go bhféadfaidh tú iad a athbhreithniú. Agus féadfaidh do mhúinteoir liostaí nua ceisteanna a cheapadh agus a thabhairt amach do na foghlaimeoirí chun cleachtadh a bhaint as na ceisteanna.

Le breis agus 6000 ceist, féadfaidh Seans Eile cuidiú leat, ba chuma cé mhéad Gaeilge atá agat! Más tosaitheoir ag foghlaim ainmneacha na ndathanna i nGaeilge thú, más scoláire óg Gaeilge ag athbhreithniú an mhodha choinníollaigh thú, tá Seans Eile in ann cuidiú leat!

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Nualéargais

An tAistriúchán:

Tá an cluiche ar fad i nGaeilge.

Moltaí Aistriúcháin:

info@nualeargais.ie

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ