Windows XP, Comhéadan Gaeilge do

Íosluchtaigh
Údar:

Microsoft

Maidir Leis

Tá Pacáiste Comhéadan Teanga don Ghaeilge ("LIP” - Language Interface Pack) ar fáil don chóras oibriúcháin Microsoft Windows XP. Nuair a chuirtear an comhéadan seo i bhfeidhm, is i nGaeilge a bhíonn formhór mór na téarmaíochta a fheictear ar an scáileán, ag tosú leis an bhfocal “Fáilte” nuair a thosaíonn an córas. Tá an téarmaíocht Ghaeilge an-sothuigthe den chuid is mó. Nóta: Ní mór leagan oifigiúil de Windows XP a bheith suite ar an ríomhaire sa chéad áit.

Treoracha

Téigh go dtí an suíomh thuas, agus lean na treoracha a luaitear ansin.

Léirmheas

Ar na hathruithe teanga ar fad ar féidir a dhéanamh ar an ríomhaire, seo é an ceann is mó. Nuair a athraítear teanga chomhéadain an chórais oibriúcháin, bíonn teanga an ríomhaire á hathrú, go bunúsach. Mar sin, molaimid den té atá á dhéanamh seo fanacht go dtí go bhfuil taithí áirithe bainte amach aige ar na feidhmchláir eile ar dtús sula dtugann sé faoi.

Níl deacracht ar bith ann an teanga a athrú siar aniar idir Gaeilge agus Béarla, más gá.

Tógfaidh sé méid áirithe ama dul i dtaithí ar an dtéarmaíocht nua, ach ní fada an achar é. Tar éis tamaill, bíonn sé go huile agus go hiomlán nádúrtha leas a bhaint as.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Microsoft

An tAistriúchán:

Tá an t-aistriúchán maith agus sothuigthe.

Is mór an trua go raibh gá fanacht roinnt blianta sular eisíodh é.

Tá Microsoft le tréaslú as ucht na hoibre seo.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ