SuperTuxKart

Ceadúnas: Saor, foinse oscailte
Maidir Leis

Is cluiche rásaíocht ghluaisteán bunaithe ar an bhfoinse oscailte atá ar fáil saor in aisce é SuperTuxKart. Tá sé dírithe ar pháistí óga, chomh hóg le ceithre bliana, ach is féidir le gach éinne taitneamh a bhaint as freisin. Is féidir le duine amháin súgradh leis ina aonar, nó is féidir rás a bheith ann idir bheirt, triúir nó ceathrar. Is féidir dul san iomaíocht sa Ghrand Prix, an t-am is fearr a bhaint amach i d’aonar, nó dul sa bhearna bhaoil i gcoinne do chairde agus a lán eile!

Treoracha

Déantar an feidhmchlár seo a íosluchtú ar an ngnáthshlí.

Léirmheas

Gnéithe

  • Breis agus 20 rianta
  • Scáileán scoilte do ilimreoirí
  • Bealaí éagsúla chun imirt

Grand Prix
Rás Aonair
Triail Ama
Lean-an-ceannaire
Cath na nGluaisteán

  • Tiománaithe greannmhara

Fadhbanna

Má ritheann an clár go han-mholl, seans gur féidir leat an fhadhb a leigheas tríd an taifeach scáileáin a athrú (a ísliú). I Windows, téigh go dtí Painéal Rialacháin > Taispeáint > Socruithe.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Aaron Kearns

An tAistriúchán:

Tá an t-aistriúchán Gaeilge lochtach ach tuigfear é. D’fhéadfaí feabhas a chur air, ach is iontach gur rinneadh é sa chéad áit.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ