Údar: | Kevin P. Scannell |
Ceadúnas: | Saor, foinse oscailte |
Tá eisínteacht de Gaelspell ar fáil do OpenOffice.org, agus tá sé seo ar fáil saor ó chostas. Mar sin, má theastaíonn próiseálaí focal maith uait le litreoir fiúntach ann, agus gan rud ar bith a íoc as, seo í an rogha cheart (OpenOffice.org Writer).
Nuair a bhíonn an eisínteacht i bhfeidhm, is féidir an litreoir a chur i mbun oibre mar seo:
Ag barr OpenOffice.org Writer, tá cnaipe beag le “ABC” agus tic thíos faoi. Brúigh an cnaipe sin agus osclófar fuinneog nua chun an litriú a cheartú.
Tá an litreoir seo bunaithe ar Gaelspell, agus déantar athnuachan rialta air. Mar sin is féidir muinín a bheith agat as na torthaí.
Tá Gaelspell bunaithe ar fhoclóir Uí Dhomhnaill. Bheadh iontas ort a fháil amach go bhfuil roinnt focal a aithnímid mar ghnáthfhocail nach bhfuil liostáilte in Ó Domhnaill, mar shampla an focal “cuíosach”. ("Cuibheasach” atá ag Ó Domhnaill.) Tá bearnaí eile ann freisin. Mar sin ní aithníonn Gaelspell iad ach oiread, cé go nglactar leo sa ghnáthscríobh. Freisin, ní aithníonn Gaelspell comhfhocail, sé sin focail a dhéantar trí dhá fhocal eile a nascadh le chéile. Níl tada cearr leo, áfach.
Bainisteoir Aistriúcháin: | Kevin P. Scannell |
An tAistriúchán: | Iontaofa; bunaithe ar fhoclóir Uí Dhomhnaill |