Foclóir Fraincise - Gaeilge

Íosluchtaigh
Údar:

Freelang

Ceadúnas: Saor in aisce
Teagmháil:

albyx@yahoo.fr

Maidir Leis

Is foclóir Fraincise - Gaeilge é seo atá ar fáil saor in aisce (Is cuid é den togra Freelang). Is foclóir beag é ach is féidir a thuilleadh focal a chur leis chun líon na bhfocal a mhéadú. Is feidhmchlár beag é agus an-éasca go deo feidhm a bhaint as. Is féidir focail a chuardach i bhFraincis nó i nGaeilge. Níl sonraí ar fáil don na focail, áfach: níl ar fáil ach an focal Fraincise do fhocal Gaeilge agus a mhalairt. Tá an foclóir ar fáil ar an ngréasán freisin. Is féidir feidhm a bhaint as ansin saor in aisce ach ní féidir a thuilleadh focal a chur leis sa chás sin.

Treoracha

Conas é a íosluchtú agus é a shuiteáil

Tá sé beagáinín casta é a íosluchtú. Tá ceithre chéim ann. Téigh go dtí an leathanach íosluchtaithe ar dtús. Brúigh an focal ‘Télécharger’ (Íosluchtaigh i bhFraincis). Tá dhá mhír le híosluchtú.

Brúigh an dara rogha “2. Téléchargez le programme (447.34 kb)”. Déanfar an foclóir a íosluchtú.

Nuair atá sin déanta, brúigh “3. Téléchargez la liste de mots (436.65 kb)”. Déanfar an bailiúchán focal a íosluchtú.

Nuair atá an dá chéim sin curtha i gcrích, is féidir feidhm a bhaint as an bhfoclóir.

Conas feidhm a bhaint as

Nuair a thosaíonn an clár bíonn ceithre rogha ann: Is iad Ajouter (cuir leis), Liste personelle (liosta pearsanta), Apprendre (foghlaim) agus Chercher (cuardaigh) iad. Más mian leat focail nua a chur leis an bhfoclóir, déan sin trí Ajouter a bhrú. Más mian leat liosta d’fhocail áirithe a chur i dtoll a chéile, roghnaigh Liste personelle. Nuair is mian leat focail nua i bhFraincis a fhoghlaim, roghnaigh Apprendre. Más focal Fraincise atá á lorg agat, roghnaigh Chercher.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ