Mozilla Firefox don Ríomhaire

Údar:

Mozilla

Ceadúnas: Saor, foinse oscailte
Teagmháil:

gaeilge@mozdev.org

Maidir Leis

Is brabhsálaí saor ó chostas, agus bunaithe ar fhoinse oscailte, é Mozilla Firefox. Is iad na gnéithe is suntasaí ná cé chomh gasta agus chomh héasca atá sé le suiteáil agus le feidhm a bhaint as. Is feidhmchlár éadrom agus gasta é a chomhlíonann na príomhchaighdeáin idirlín. Tá sé in úsáid go forleathan, go háirithe san Eoraip, áit a bhfuil beagnach an oiread céanna úsáideoirí aige agus atá ag Microsoft Internet Explorer (atá díreach curtha ar fáil sa Ghaeilge).

Treoracha

Níl treoracha faoi leith de dhíth chun Mozilla Firefox a shuiteáil. Lean na treoracha ar an scáileán fad agus atá sé á shuiteáil agat.

Gaelspell

Nuair a shuiteálann tú Firefox i nGaeilge, iarrtar ort an bhfuil Gaelspell uait, agus má thoilíonn tú glacadh leis (agus níl costas leis), ciallaíonn sé seo go n-oibreoidh an litreoir aon uair a bheidh tú ag scríobh ar leathanach idirlín. Is iontach an áis í seo. Léireofar duit má tá do chuid scríbhneoireachta lochtach agus tú ag clóscríobh i bhFirefox (mar shampla agus tú ag scríobh ríomhphoist ar an idirlíon).

Seo mar a shuiteálann tú Gaelspell ar Firefox:

Téigh go dtí an leathanach seo agus cuir isteach Gaelspell sa bhosca cuardaigh. Nuair a aimsítear é, brúigh an cnaipe “Cuir le Firefox”. Íosluchtófar an breiseán ar an toirt. Nuair a phreabann an fhuinneog nua aníos, brúigh “Suiteáil Anois”. Suiteálfar an breiseán ina dhiaidh sin. Iarrfar ort Mozilla Firefox a atosú chun é a chur i bhfeidhm.

Athchóiriú Téacs

Is féidir “athchóiriú” a dhéanamh ar théacs freisin, mar shampla síntí fada atá in easnamh a chur isteach sna háiteanna cearta. Tá a thuilleadh eolais le fáil faoi seo ag bun an leathanaigh seo.

Léirmheas

Tá an-chuid gnéithe spéisiúla ag Firefox:

  • Is féidir feidhm a bhaint as leis an méarchlár amháin (.i. gan luchóg más gá).
  • Is féidir barra uirlisí inshaincheaptha a chruthú (.i. do chruth féin a chur air).
  • Tá bainisteoir leabharmharcanna ann.
  • Tá comhtháthú innill cuardaigh idirlín ann, agus focal.ie ar an liosta freisin.
  • Freisin cuirtear bac ar fhuinneoga aníos nach n-iarrtar orthu.
  • Tá nascleanúint gasta i gcluaisíní faoi leith do gach suíomh a thugtar cuairt air ann.
  • Tá bainisteoir ar fhocail faire ann.
  • Déantar íosluchtú uathoibríoch.

Ach go háirithe, is é Firefox an brabhsálaí a oireann do úsáideoirí le Gaeilge. Is brabhsálaí den scoth é, in úsáid go forleathan, agus é go hiomlán curtha in oiriúint don teanga.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Mozilla - L

An tAistriúchán:

Firefox go huile is go hiomlán aistrithe go Gaeilge, agus caighdeán an-mhaith san aistriúchán. Déantar nuashonrú ar an nGaeilge go minic mar sin bíonn an leagan Gaeilge bord ar bhord leis na leagain i dteangacha móra amhail an Béarla, Fraincis agus araile.

Ní hamháin sin, ach tá uirlisí teanga (.i. Gaeilge), ar nós litreoir leictreonach agus eile ar fáil dó, rud nach bhfuil ar fáil do aon bhrabhsálaí eile.

Léigh anseo gluais i nGaeilge a bhaineann le Mozilla Firefox.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ