WordPress

Údar:

WordPress

Ceadúnas: Saor ó chostas
Maidir Leis

Bíonn gach mac máthair ag nochtadh a thuairimí ar an ngréasán ar na saolta seo agus is iomaí bealach atá ann chun é sin a dhéanamh. Is féidir do shaol a roinnt le cách ar Facebook nó teachtaireachtaí gearra a fhoilsiú ar Plurk. Ach más mian leat dialann rialta a fhoilsiú ar an ngréasán domhanda is féidir blag a chruthú. Tá suíomh ann anois, WordPress, a chuireann ar do chumas blag a thosú go furasta, agus le comhéadan i nGaeilge. Is féidir blag a chruthú saor ó chostas ar WordPress.

Treoracha

Chun tús a chur le blag nua, brúigh an cnaipe ‘Cláraigh Anois’ ar an leathanach gréasáin.

Líon na réimsí éagsúla san fhoirm. Caithfear ainm éigin a roghnú don blag, ar nós mosmaointe.wordpress.com. Nuair atá sin déanta agat, tosaigh ag foilsiú ar an ngréasán. Tá sé saor in aisce.

Aistriúchán

An tAistriúchán:

Tá na príomhleathanaigh aistrithe go Gaeilge.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ