Údar: | Cruinneog |
Ceadúnas: | Saor, foinse oscailte |
Teagmháil: | eolas@cruinneog.com |
Tá eisínteacht de Gaelspell ar fáil do Microsoft Word. Murab ionann agus an litreoir a thagann le Word féin, is táirge ann féin é seo agus is gá íoc as. Ós rud é go bhfuil lochtanna áirithe (beaga) ar an litreoir ag Microsoft is fiú go mór smaoineamh ar Gaelspell a úsáid.
Is féidir leat é a íoslódáil ón suíomh seo Gaelspell
Tá an litreoir seo bunaithe ar Gaelspell, agus déantar athnuachan rialta air. Mar sin is féidir muinín a bheith agat as na torthaí.
Tá Gaelspell bunaithe ar fhoclóir Uí Dhomhnaill. Bheadh iontas ort a fháil amach go bhfuil roinnt focal a aithnímid mar ghnáthfhocail agus nach bhfuil liostáilte in Ó Domhnaill, mar shampla an focal “cuíosach”. ("Cuibheasach” atá ag Ó Domhnaill.) Tá bearnaí eile ann freisin. Mar sin ní aithníonn Gaelspell iad ach oiread, cé go nglactar leo sa ghnáthscríobh. Freisin, ní aithníonn Gaelspell comhfhocail, sé sin focail a dhéantar trí dhá fhocal eile a nascadh le chéile. Níl tada cearr leo, áfach.
Bainisteoir Aistriúcháin: | Cruinneog |
An tAistriúchán: | Iontaofa; bunaithe ar fhoclóir Uí Dhomhnaill |