Teasáras do OpenOffice.org

Maidir Leis

Tá teasáras an-mhaith ar fáil i nGaeilge, agus is féidir é a úsáid laistigh den fheidhmchlár saor ó chostas OpenOffice.org. Is breiseán é a íosluchtaítear tar éis duit OpenOffice.org a shuí ar an ríomhaire. I ndáiríre, ní breiseán ann féin atá ann, ach áis a roinneann spás leis an litreoir. Sé sin, má íosluchtaíonn tú an litreoir Gaeilge do OpenOffice.org, tiocfaidh an teasáras leis gan gá aon ní eile a dhéanamh.

Treoracha

Chun an áis seo a íosluchtú, lean na treoracha chun an litreoir a íosluchtú, anseo. Gach seans, mar sin, go bhfuil an teasáras agat cheana féin, i ngan fhios duit.

Tá a thuilleadh eolais ann maidir leis an dteasáras ar an leathanach seo.

Léirmheas

Tá an teasáras seo an-mhaith ar fad.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Kevin P. Scannell

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ