Focal.ie/Tearma.ie do Mozilla Firefox

Údar:

Focal.ie a bhí ann. D’athraigh said go Tearma.ie é Márta 2015

Ceadúnas: Saor in aisce
Maidir Leis

Tá ainm an suíomh focal.ie athraithe anois go tearma.ie. Tiocfaidh tú air go fóill má chuireann tú www.focal.ie isteach.

Má bhaineann tú leas as an suíomh iontach téarmaíochta tearma.ie go rímhinic, b’fhéidir go mb’fhearr leat teacht air go furasta agus go gasta. Is féidir breiseán a chur le Mozilla Firefox chun focal a chuardach i tearma.ie gan dul chuig an leathanach tearma.ie féin!

06/03/2015

Treoracha

Tá bosca cuardach ar barr Mozilla Firefox, ar dheis - Is féidir cuardach a dhéanamh go díreach ansin, gan gá an leathanach ar leith do Google, Yahoo, nó eile, a oscailt sa bhfuinneog mhór.

Is féidir leas a bhaint as an mbosca beag seo freisin chun téarma a aimsiú ar tearma.ie.

Má osclaíonn tú tearma.ie agus breathnú ar an saighead ar thaobh chlé an bhosca chuardaigh ba chóir go mbeadh sé aibhsithe. Brúigh an saighead. Tiocfaidh roghchlár anuas. Ag bun an roghchláir sin, feicfear ceist ag fiafraí an mian leat an breiseán do tearma.ie a chur leis. Cuir leis é.

Ansin aon uair a bhíonn focal á lorg agat ar tearma.ie ní gá duit ach an saighead ar thaobh chlé an bhosca chuardaigh a bhrú agus tearma.ie a roghnú. Ansin cuir isteach an focal atá de dhíth uait agus brúigh an cnaipe Enter nó brúigh an gloine formhéadúcháin ar dheis chun an cuardach a thosú.

Léirmheas

Tá an suíomh tearma.ie go hiontach ar fad, mar sin is fiú go mór aon áis a éascaíonn leas a bhaint as.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Fiontar

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ