Mozilla Lightning

Údar:

Mozilla Calendar Project

Ceadúnas: Saor ó chostas
Maidir Leis

Is féilire é Lightning do Mozilla Thunderbird, bainisteoir ríomhphoist. Is breiseán é do Mozilla Thunderbird agus tá sé comhtháite leis. Cuireann sé ar do chumas cuireadh a chur amach ag daoine eile, tríd an gcóras ríomhphoist, do choinní agus d’imeachtaí, agus glacadh lena leithéid ó dhaoine eile. Is féidir Lightning a shaincheapú trí bhreiseáin a fháil agus a chur i bhfeidhm air.

Treoracha

Íosluchtú agus Suiteáil

Brúigh an cnaipe íosluchtaithe agus tosóidh an breiseán seo ag íosluchtú chuig do ríomhaire. Tabharfar rogha duit é a oscailt nó é a shábháil. Cuir i dtaisce ar dheasc do ríomhaire é. Ansin oscail Mozilla Thunderbird, an roghchlár Uirlisí, agus ansin “Breiseáin”. Osclóidh fuinneog nua i lár an scáileáin. Brúigh an cnaipe “Suiteáil” ag bun na fuinneoige. Aimsigh an comhad a íosluchtaíodh agus ansin brúigh “Oscail”. Déanfar é a shuiteáil agus iarrfar ort Thunderbird a atosú. Déan sin agus nuair a atosófar Thunderbird feicfear Lightning suiteáilte ann.

Gnéithe

Is féidir breathnú ar an bhféilire ar bhealaí éagsúla, ar nós: gach lá, gach seachtain, sraith seachtainí, nó mí. Is féidir imeachtaí a shonrú ar an bhféilire nó beart oibre ("tasc") nua a chur leis agus an dáta ar a bhfuil sé le bheith réidh a shonrú.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Kevin P. Scannell

An tAistriúchán:

Tá sé go huile is go hiomlán aistrithe go Gaeilge.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ