Workrave

Íosluchtaigh
Údar:

IntentCT

Ceadúnas: Saor ó chostas
Teagmháil:

info@intenct.nl

Eile 
Maidir Leis

Is ríomhchlár é Workrave a chabhraíonn leat gortú athstraidhneála a sheachaint agus chun biseach a fháil uaidh. Agus tú i mbun oibre ar do ríomhaire, is féidir stangadh a bhaint as do chorp. Tugann Workrave rabhadh duit sosanna a ghlacadh agus do scíth a ligeadh ar feadh seala. Mar aon leis sin, tá sraith cleachtaí mar chuid de a mholtar duit a dhéanamh ó am go ham ionas nach mbeidh tú suite sa suíomh céanna an lá ar fad. Feidhmíonn sé ar Windows agus ar Linux.

Treoracha

Tá sraith cleachtaí mar chuid de Workrave. Moltar duit na cleachtaí seo a dhéanamh go rialta fad agus atá tú i mbun oibre ar ríomhaire, chun gortú a sheachaint. Sna Sainroghanna, is féidir Workrave a shocrú chun rabhadh a thabhairt duit cathain ar chóir sos a thógáil. Is fútsa atá an rogha cé chomh minic is ar mhaith leat sos a bheith agat. Mar shampla, is féidir sos a bheith agat gach trocha nóiméad nó b’fhéidir gach uair a chloig. Má tá na seacht sraith ar an iomaire agat agus is ag obair ar nós an diabhail atá tú, is féidir leat neamhaird a dhéanamh de na rabhaidh agus iad a iarchuir.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Seanán Ó Coistín

An tAistriúchán:

Tá an ríomhchlár go huile is go hiomlán aistrithe go Gaeilge.

Moltaí Aistriúcháin:

seanan@durud.ie

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ