Greann Gaeilge

Íosluchtaigh
Údar:

Mirandacorp.com

Ceadúnas: Saor ó chostas
Maidir Leis

Múineann Greann le Gaeilge duit conas briathra agus forainmneacha réamhfhoclacha (do, dom, duit, agus araile) a réimniú. Mar aon leis sin, is féidir cur leis an ábhar. Tá foclóir Gaeilge-Béarla saor in aisce bunaithe ar Irishionary.com a nuashonraítear gach mí.

Mar aon le sin tá líonléitheoir ionsuite ann chun rochtain a fháil ar na cláir phlé, na Greann Forums, inar féidir leat do Ghaeilge a chleachtadh agus freagraí a fháil ar aon cheist atá agat. Tá cláir phlé ann do thosaitheoirí, daoine le méid áirithe Gaeilge agus daoine a bhfuil cuíosach líofa. Tá na cláir phlé seo churtha in oiriúint don iPhone nó an iPod Touch.

Aire: Is do ghutháin iPhone, iPod Touch agus an iPad amháin é an feidhmchláirín seo.

Treoracha

Téigh chuig iTunes chun an feidhmchláirín seo a íosluchtú.

Léirmheas

Is ar dhaoine atá ag foghlaim Gaeilge atá an feidhmchláirín seo dírithe, ach tig le cách leas éigin a bhaint as. Mar aon leis na hábhair atá ann chun an Ghaeilge a fhoghlaim is féidir clófhoireann a roghnú. Tig leat an cló Rómhánach nó an seanchló Gaelach a roghnú chun breathnú ar an ábhar.

Tá an feidhmchláirín seo i mBéarla ach tá an t-ábhar atá le foghlaim i nGaeilge dár ndóigh.

Aistriúchán

An tAistriúchán:

Tá an feidhmchláirín seo i mBéarla ach tá an t-ábhar atá le foghlaim i nGaeilge dár ndóigh.

Moltaí Aistriúcháin:

Mirandacorp.com, Inc

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ