Síntí Fada ar an Tocco

Íosluchtaigh
Údar:

Samsung

Ceadúnas: Saor ó chostas
Teagmháil:

Samsung

Maidir Leis

Cheannaigh an-chuid daoine an Tocco ó Samsung, an chéad ghuthán póca a bhí ar fáil i nGaeilge. Ach bhí deacracht ag an-chuid daoine na síntí fada a chur i bhfeidhm. Cé nach feidhmchlár sa ghnáthchiall atá i gceist anseo, seo treoracha a mhíníonn go héasca cén chaoi leis na síntí fada a chur i bhfeidhm. Athrú beag simplí atá i gceist... Abair linn má tá an t-eolas seo bailí do ghutháin eile de chuid Samsung.

Treoracha

Chun Síntí Fada a Chur i bhFeidhm ar an Samsung Tocco

Maidir le gutaí fada agus téacsanna is cosúil nach mór an tacú carachtar a athrú, mar seo a leanas:

  • 1. Roghaigh Teachtaireachtaí
  • 2. Ansin roghnaigh Socruithe
  • 3. Ansin roghnaigh Tacú Carachtar
  • 4. Athraigh go Unicode seachas GSM é

Ba cheart go mbeadh na gutaí fada ar fáil ag an bpointe sin.

Nóta: Ní oibríonn a mhacasamhail seo leis an Samsung H1, faraor.

Aistriúchán

An tAistriúchán:

Aimsíodh an t-eolas seo ar an suíomh blagadóireachta seo, Smaointe Fánacha Aonghusa.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ