MediaWiki

Íosluchtaigh
Údar:

Wikimedia Foundation

Ceadúnas: Saor ó chostas
Maidir Leis

Saghas feidhmchlár ghréasáin is ea vicí (.i. wiki an Bhéarla) a cheadaíonn do na húsáideoirí ábhar a chur leis (ar nós fóram idirlín), agus a cheadaíonn dóibh an t-ábhar a chur in eagar (nó a cheartú!) chomh maith. Tugtar an téarma vicí ar na bogearraí chomhoibríocha a úsáidtear chun an saghas suímh Gréasáin sin a chruthú. Leis an áis áirithe seo, is féidir leat do láithreán féin idirlín a fhorbairt, agus cead a thabhairt do dhream teoranta daoine leasuithe a dhéanamh air. Tá sé saor ó chostas.

Treoracha

Maidir leis an Leagan Gaeilge

Is amhlaidh nach bhfuil “leagan Gaeilge” oifigiúil ann, ach is féidir teacht ar an leagan Gaeilge trí roinnt athruithe a dhéanamh.

Tá gach teanga ar fáil sa bhunleagan - agus roghnaíonn an úsáideoir an teanga atá in úsáid aige.

Féach na leathanaigh seo:

Rogha teanga

Íosluchtú

Suiteáil

Is féidir an teanga a roghnú don suíomh ar fad.

Léirmheas

Sampla Úsáide

D’fhéadfadh oifig nó scoil an áis seo a chur i bhfeidhm ar líonra inmheánach (LAN), agus vicí beag príobháideach a chur sa tsiúil, gan aon ghá nascadh leis an idirlíon.

Bhain leantóir amháin ag nascanna.com, ar a laghad, leas as ar an dóigh seo.

Agus, cuimhnítear nach bhfuil costas leis!

Maidir leis an Vicipéid

Baineann an Vicipéid (Wikipedia) leas as an uirlis seo chun an láithreán acu féin a reachtáil.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ