Roundcube

Íosluchtaigh
Údar:

Roundcube

Ceadúnas: Saor ó chostas
Maidir Leis

Is é atá i Roundcube ná áis ríomhphoist, le tacaíocht MIME, leabhar seoltaí, bainistiú comhad, cuardach teachtaireachtaí, litreoir leictreonach agus eile, ar fad le comhéadan ríomhchláir. Is clár nua é seo.

Treoracha

Má bhíonn teachtaireachtaí á seoladh agat ar an ngréasán is iomaí córas atá ar fáil chun sin a dhéanamh. Tá Roundcube ar fáil i nGaeilge. Má tá suíomh á óstáil ag comhlacht duit, cuireann siad córas ríomhphoist ar fáil ionas gur féidir ríomhphoist a sheoladh. Má tá Roundcube ar fáil, roghnaigh é mar beidh tú comhéadan i nGaeilge ar fáil, nach bhfuil ar fáil ag córais ríomhphoist eile ar an ngréasán.

Ritheann sé i nGaeilge as a stuaim féin má tá an líonléitheoir socraithe agat leathanaigh i nGaeilge a roghnú.

Mura shocraíonn sé Gaeilge, is mar seo a leanas ar féidir an Ghaeilge a roghnú agus a chuir i bhfeidhm:
1. Téigh chuig ‘Personal Settings’ ar barr.
2. Roghnaigh an roghchlár ‘User Interface’ ar chlé.
3. Sa roghchlár ‘Language’, roghnaigh Gaeilge.
4. Brúigh ‘Save’ faoi sin agus cuirfear an Ghaeilge i bhfeidhm ar an gcomhéadan.

Aistriúchán

An tAistriúchán:

Tá formhór den córas ríomhphoist seo aistrithe go Gaeilge. Tá rudaí nach bhfuil aistrithe fós. Níl sé chomh maith agus atá aistriúcháin eile, ach mar sin féin ní bheidh deacracht ar bith ann obair a dhéanamh i nGaeilge.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ