VLC, VideoLAN

Ceadúnas: Saor ó chostas
Maidir Leis

Is seinnteoir meán mór-le-rá saor in aisce a bhfuil foinse oscailte aige é VLC a sheinneann beagnach gach rud idir fuaimrianta agus físeáin. Mar aon leis sin seinneann sé DVDanna, dlúthdhioscaí, VCD agus prótacail sruthaithe éagsúla.

Is féidir é a shaincheapú trí chraiceann a chuir ar an gcomhéadan. Tá réimse leathan craiceann curtha ar fáil ag daoine saor in aisce sa chaoi is gur féidir an seinnteoir VLC a mhaisiú de réir mianta pearsanta.

Treoracha

Cliceáil ar an nasc thuas, don chóras agat féin, agus lean na treoracha atá ansin.

Mura bhfuil an Ghaeilge i bhfeidhm cheana féin (rud a d’fhéadfadh tarlú má tá an ríomhaire féin ag feidhmiú as Gaeilge, le Firefox agus an Córas Oibriúcháin, mar shampla), seo mar a dhéanann tú í a chur i bhfeidhm:

Nuair atá VLC suiteáilte agus tosaithe, téigh chuig an roghchlár ‘Tools’. Roghnaigh ‘Preferences’ ag bun an roghchláir. Osclófar fuinneog nua lán le roghanna. Roghnaigh Gaeilge i roghchlár na dteangacha a fheictear ar dtús. Brúigh ‘Save’ ag bun na fuinneoige. Ní mór an seinnteoir VLC a atosú chun an Ghaeilge a chur i bhfeidhm air.

Bíonn an clár féin liostáilte faoi VideoLAN ar liosta na bhfeidhmchlár i Windows, ní faoi “VLC”.

Léirmheas

An-iomrá ar an gclár áirithe seo. Cén fáth a n-íocfá as ceann? Tá sé seo saor ó chostas agus an-mhaith.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Seanán Ó Coistín

An tAistriúchán:

Tá formhór na príomhroghanna aistrithe go Gaeilge ach níl gach ceann de na hardroghanna aistrithe go fóill. Tá súil againn go ndéanfar iad a aistriú go luath.

Moltaí Aistriúcháin:

seanan@durud.ie

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ