Ubuntu

Íosluchtaigh
Údar:

Canonical Limited

Ceadúnas: Saor in aisce
Maidir Leis

Is córas oibriúcháin de chuid Linux é Ubuntu atá ar fáil saor in aisce. Dearadh é le go mbeadh daoine in ann dul i dtaithí air gan dua agus go mbeadh sé furasta feidhm a bhaint as. Bíonn Ubuntu lán le ríomhchláir réamhshuite amhail Mozilla Firefox, LibreOffice agus araile. Is féidir Ubuntu a shuiteáil ar do ríomhaire agus Gaeilge a roghnú mar theanga an chomhéadain. Is féidir Ubuntu amháin a shuiteáil ar ríomhaire nó is féidir é a shuiteáil ar ríomhaire ar a bhfuil Windows cheana féin.

Treoracha

Léigh an leathanach seo go cúramach má tá ríomhaire agat le Windows air. Taispeánfar duit conas Ubuntu a shuiteáil ar an ríomhaire céanna. Tógann sé tuairim is uair a’chloig chun é a shuiteáil.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Kevin Scannell

An tAistriúchán:

Tá neart d’Ubuntu aistrithe go Gaeilge.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ