SumatraPDF

Íosluchtaigh
Údar:

Krzysztof Kowalczyk

Ceadúnas: Saor ó chostas
Teagmháil:

kkowalczyk@gmail.com

Maidir Leis

Is léitheoir comhaid PDF beag, gasta é Sumatra PDF a chuireann ar do chumas comhad PDF ar bith a oscailt, a fheiceáil agus a chlóbhualadh. Is féidir an clár seo a íosluchtú agus a shocrú mar phríomhchlár léitheoireachta PDF ar do ríomhaire.

Is féidir leis comhaid PDF a oscailt laistigh de na líonléitheoirí a leanas: Mozilla Firefox, Opera agus Chrome.

Más mian leat comhaid PDF a chruthú is féidir é sin a dhéanamh le PDFCreator, atá ar fáil i nGaeilge freisin. Faigh anseo é!

Treoracha

Íosluchtaigh agus suiteáil an feidhmchlár. Nuair a osclaíonn sé, téigh chuig an roghchlár Settings ar an mbarra uirlisí. Roghnaigh Change Language. Osclófar fuinneog bheag nua i lár an scáileáin. Aimsigh Irish[Gaeilge] agus ina dhiaidh sin, brúigh ‘OK‘. Cuirfear an Ghaeilge i bhfeidhm ar an léitheoir ar an toirt.

Más mian leat go mbeadh SumatraPDF mar an léitheoir comhaid PDF réamhshocraithe ar do ríomhaire, téigh chuig an roghchlár ‘Socruithe’ (nó Settings má tá sé fós i mBéarla agat). Roghnaigh ‘Roghanna‘. Osclófar fuinneog bheag i lár an scáileáin. Brúigh an cnaipe mór ag bun na fuinneoige, ar a bhfuil scríofa ‘Bíodh SumatraPDF mar an léitheoir PDF réamhshocruithe’ (nó ‘Make SumatraPDF my default PDF reader’). Brúigh ‘Tá go maith’ ina dhiaidh sin.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Seanán Ó Coistín

An tAistriúchán:

Tá an feidhmchlár ar fad aistrithe go Gaeilge.

Moltaí Aistriúcháin:

seanan@durud.ie

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ