Cúla Caint 1, 2 & 3

Íosluchtaigh
Údar:

TG4

Ceadúnas: Saor ó chostas
Teagmháil:

cula4@tg4.ie

Maidir Leis

Tá Rogha App spraíúil Gaeilge do pháistí ar fáil anois le íoslódáil. Is féidir iad a íoslódáil ón App store, ach cuardach a dhéanamh faoi ‘Cúla4’ nó ‘TG4’. Tá an chuid is mó dóibh ar fail d’Android freisin ón Google Play Store.

23/03/2015

Treoracha

App Scéal an Lae

Scéal ‘An Coileach Codlatach’ scríofa ag Nuala Nic Con Iomaire, maisithe ag Donough O’Malley agus foilsithe ag Futa Fata.

Tá an scéal á léamh ag Darach Mac Con Iomaire agus tá na pictiúir agus na focail le feiceáil ar an scáileán. Tá trí rogha agat leis an Aip, is féidir éisteacht leis an scéál, breathnú ar fhíseán don scéal á léamh nó is féidir leat féin an scéal a léamh gan an léitheoir le cloisteáil.

Saor in aisce le íoslódáil (don iPad amháin) – cuardaigh ‘TG4’ san App Store.

App Scéal an Lae 2

Scéal ‘Ceol na gCat’ scríofa ag Colman Ó Raghallaigh, maisithe ag Jane O’Sullivan agus foilsithe ag Cló Mhaigh Eo.

Léann Colman an scéal amach ar an aip agus tá na pictiúir agus na focail le feiceáil ar scáileán. Is féidir an scéal a léamh gan an léitheoir a chloisteáil nó is féidir éisteacht leis an scéal gan na focail a fheiceáil.

App Zú

Is Aip í seo bunaithe ar an sraith teilifíse ZOU. San Aip, is féidir Scéal a léamh, éisteacht le amhrán, míreanna mearaí a imirt, tógáil nó dathú a dhéanamh. Is féidir spraoi leis an Aip seo i dteangacha éagsúla, Gaeilge san áireamh. Brú ar an mbrat Éireannach le sult a bhaint as na heachtraí ar fad a bhíonn ag an séabra óg!

Íoslódáil saor in aisce anseo:

App Zú

nó íoslódáil an leagan iomlán (le breis ábhar) ar chostas €3.59

App Zú ar chostas

Cúla Caint

Íosluchtaigh ó iTunes nó ó Android Market é. Tá sé ar fáil don iPhone, an iPad agus do ghutháin Android. Tá sé ar fáil saor in aisce.

Cúla Caint 2

Íosluchtaigh ó iTunes é. Tá sé ar fáil don iPhone agus an iPad agus anois don Android chomh maith. Tá sé ar fáil saor in aisce.

Cúla Caint 3

Íosluchtaigh ó iTunes é. Tá sé ar fáil don iPhone agus an iPad agus anois don Android chomh maith. Tá sé ar fáil saor in aisce.

Olly an Veain Bheag Bhán

Is féidir dhá chluiche a imirt air – Rás na mBeartán agus Cuir Caoi Air. Baineann an chéad chluiche le bailiú na mbeartán ceart agus sa dara cluiche is gá gluaisteáin bhriste a chur le chéile arís trí na páirteanna cearta a chur sna háiteanna cearta.

Chun é a íoslódáil, téigh chuig iTunes, agus cuardaigh ‘Cúla4’ nó ‘TG4’. Tá an APP Culacaint agus Olly saor in aisce agus iad oiriúnach do iPhone agus do iPad.

Tá leagan Android do Cúlacaint 1 & Cúlacaint 2 ar fáil freisin. Téigh chuig https://play.google.com/store agus cuardaigh faoi TG4 nó Gaeilge nó Cúla4. Saor in aisce le íosloadáil.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ