Scrabble3D

Íosluchtaigh
Maidir Leis

Cluiche boird is ea Scrabble. Modh an chluiche ná focail a chur ar an gclár ar bhealach cosúil le crosfhocal. Is féidir le suas le ceathrar imreoir páirt a ghlacadh sa chluiche. Faigheann gach imreoir líon teoranta litreacha (7 nó 8 de ghnáth). Duine a ndiaidh a chéile, caithfidh na himreoirí iarracht a dhéanamh focail bhailí a dhéanamh leis na litreacha atá acu, agus iad a nascadh leis na focail atá ar an gclár cheana féin. Braitheann luach na bhfocal ar luach na litreacha (tá luach níos airde ar litreacha atá níos annaimhe) agus ar na cearnóga bisigh a iolraíonn scór litreach nó scór an fhocail iomláin. Is é cuspóir an chluiche an scór is airde a fháil.

Treoracha

Cuireadh faiche imeartha trí thoiseach leis an bun-choincheap seo i Scrabble3D. San leagan seo is féidir focail a chur ón tulra go dtí an cúlra chomh maith le ó thuas síos agus ó thall anall. Tá níos mó cearnóga, dá bhrí sin is féidir an tacar litreacha a iolrú, agus freisin níos mó féidearthachtaí chun teaglaim a chruthú. Ní bhíonn lorg láthair maith chun focal a chur chomh tábhachtach agus atá sé sa ghnáthchluiche toisc gur féidir Scrabble a chur níos minice.

Dar ndóigh is féidir gnáthchluiche a imirt sa mhodh 2-D ar chlár imeartha le 15x15 cearnóg, nó Sárscrabble le clár 21x21, nó clár ar do rogha féin. Is féidir gach gné den chluiche a chumrú: is féidir líon agus luach na litreacha, an foclóir atá le n-úsáid, teanga an roghchláir agus dar ndóigh dath agus cló agus araile a roghnú.

Is féidir an cluiche a imirt in aghaidh an ríomhaire, le himreoirí eile ar an ríomhaire céanna nó thar an idirlíon le daoine i gcéin. Is féidir freisin imreoirí eile a aimsiú ar fhreastalaí cluichí agus rangú a bhaint amach. Is féidir le cluiche ar an bhfreastalaí a bheith aisioncrónach, sé sin le rá nach gá do gach imreoir a bheith logáilte isteach chun go ndéanfadh imreoir a bheart. Sa bhreis air sin, tig le daoine eile a bheith ag faire ar an gcluiche, agus gan amhras tá an iliomad bealach eile ann chun cumarsáid a dhéanamh.

Tá an suiteáil thar a bheith éasca, agus is féidir leis an gclár aon nuashonraithe atá ann mar aon le comhaid bhreise a íosluchtú nuair is cuí.

Tá an clár seo ar fáil i leaganacha do Windows agus Linux, do ríomhaire 32 agus 64 giotán. Tá an leagan don MacOS fós á phromhadh. Tá suiteálaí ar fáil do na leaganacha Windows agus Linux. Úsáidtear Microsoft Installer (msi) ar Windows, agus do LinuxRedhat Package Manager (rpm) ar fáil atá oiriúnach do na dáileacháin openSuSE, Fedora agus Mandriva agus tá Debian Packages (deb) ar fáil do m.sh. Debian agus Ubuntu.

Nuair atá an pacáiste cuí roghnaithe agat, déan é a íoslódáil agus a chur ag rith. (Is féidir msi a chur ag rith faoi Windows). Bíonn an gnáthchóras suiteálaithe le leanadh ansin, roghnú comhadlainne agus araile. Is beag deis chun botún a dhéanamh atá anseo. Tá na comhaid ar fad ar fáil ar Sourceforge.net, an óstach is mó do thograí Foinse Oscailte. Níl aon bharántas ar fáil do chomhaid ó fhoinsí eile (ainneoin go maíonn cuid acu, agus costas ag baint leo, go bhfuil siad saor ó víreas).

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ