LibreOffice: Litreoir leictreonach, Teasáras & Fleiscíneoir

Íosluchtaigh
Údar:

Gaelspell

Ceadúnas: Saor in aisce
Teagmháil:

Kevin Scannell

Maidir Leis

Tá eisínteacht de Gaelspell ar fáil do LibreOffice, anois ar shuíomh LibreOffice féin, agus tá sé seo ar fáil saor in aisce. Mar sin, má theastaíonn próiseálaí focal maith uait le litreoir fiúntach ann, agus gan rud ar bith a íoc as, seo í an rogha cheart (LibreOffice Writer). Mar aon leis an litreoir, tá teasáras agus áis a dhéanann scrúdú ar fhleiscíniú.

Nuair a bhíonn an eisínteacht i bhfeidhm, is féidir an litreoir a chur i mbun oibre mar seo:

Ag barr LibreOffice Writer, tá cnaipe beag le ABC agus tic thíos fúthu. Brúigh an cnaipe sin agus osclófar fuinneog nua chun an litriú a cheartú. Ceartaigh aon fhocal atá mícheart.

Mar eolas Nuair a leantar an nasc thuas, tá rabhadh ann a deir go bhfuil seans ann nach ndéantar bainistiú ar an mbogearraí a thuilleadh. Tá an bogearraí ag feidhmiú i gceart. Níl fadhb ar bith leis.

Treoracha

Íosluchtaigh é agus ansin brúigh é agus iarrfar ort an mian leat é a oscailt le LibreOffice. Lean na treoracha chun é a shuiteáil.

Léirmheas

Iontach! An áis is fearr d’éinne atá ag scríobh as Gaeilge.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ