Scratch

Údar:

Is togra de chuid MIT, sna Stáit Aontaithe, ceann de na hinstitiúidí léinn agus teicneolaíochta is iomráití ar domhain, é seo.

Ceadúnas: Saor in aisce
Maidir Leis

Is é atá i Scratch ná áis spraoi agus áis foghlama do pháistí óga. Is é atá á mhúineadh ná coincheapa ríomhaireachta, agus déantar é seo ar bhealach an-tarraingteach simplí do pháistí. Is féidir pearsana a chruthú agus a chur ag caint, nó ag canadh, nó ag gluaiseacht ar an scáileán. Is féidir leis an tuismitheoir aithne a chur ar an bhfeidhmchlár go tapa, agus ansin obair i dteannta an pháiste

Treoracha

Is gá an clár a luchtú agus a shuiteáil ar an ngnáthbhealach. Lean na treoracha.

Go fóillín, is gá an comhad Gaeilge a íosluchtú go neamhspleách, agus é a chur in áit áirithe ar do ríomhaire. Má dhéanann tú é sin, beidh rogha Gaeilge agat freisin. Ní mór an comhad a chur sa bhfillteán céanna ina bhfuil na comhaid teanga eile, a chríochnaíonn le “.po”. Ar Windows, is é seo an gnáth-áit: C:\Comhaid Ríomhchláir (x86) ProgramFiles\Scratch\Locale.

Is féidir an comhéadan Gaeilge a fháil anseo (Brúigh an cnaipe beag ar dheis! Níl sé ró-shoiléir ar an leathanach, mar sin bí ag faire go géar!)

Léirmheas

Tá sé go maith, agus is cinnte go mbainfeadh tuismitheoir agus páiste taitneamh as.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Íde Ruaidh

Moltaí Aistriúcháin:

Rory McGann

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ