Scéalta do Pháistí ar iTunes

Údar:

Raidió na Gaeltachta & COGG

Ceadúnas: Saor
Teagmháil:

COGG

Maidir Leis

COGG (www.cogg.ie) tar éis sraith scéalta a chur ar fáil faoin gcóras iTunes. Scéalta is ea iad seo, i nGaeilge bhreá Chonamara den chuid is mó, a craoladh ar Raidió na Gaeltachta ó 1972 i leith. Sár áis do na páistí.

Treoracha

Oscail iTunes are do ríomhaire.

Téigh go ‘iTunes Store’.

Cuir ‘Scéalta RTÉ Raidió na Gaeltachta’ sa bhosca cuardaigh.

Tiocfaidh liosta de na scéalta aníos agus is féidir leat iad a íoslódáil mar is gá.

Léirmheas

Mar a deir Lawrence Morris atá orm, ollamh le litríocht in Albright College, ollscoil bheag in oirthear Phennsylvania, SAM:

gasúir le gaeilge

<< Murar bhreathnaigh tú ar na hacmhainní atá cumta ag COGG (Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) do iTunes, ba cheart duit sin a dhéanamh anois díreach. Ar ndóigh, is é an bealach is fusa le teacht ar na hacmhainní ná iTunes a oscailt ar do ríomhaire, a dhul go dtí “shop” iTunes, agus cuardaigh an focal “COGG”. Tá na hacmhainní ar fad saor in aisce. Tá scéalta seanchais, amhráin ar an sean-nós, scéalta foilsithe ag an nGúm, ábhar a bhaineanns leis an stair, leis an eolaíocht, agus le neart rudaí nach iad.

Tá claonadh beag i dtreo chanúint Chonamara, ach tá ábhair i gcanúintí eile ann freisin, agus b’fhéidir go gcuirfear le hábhar na gcanúintí eile amach anseo.

Mara bhfuil iTunes agat (agus an clár ríomhaire saor in aisce, mar sin níl aon údar gan é a fháilt [ach b’fhéidir má tá tú ag troid in aghaidh impireacht Apple]), is féidir leat mar sin féin teacht ar na hacmhainní anseo (Meitheamh 2012):

http://itunes.apple.com/us/itunes-u/scealta/id4724901117 >>

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ