< Off-line dictionary > Teasáras don Ghaeilge

Íosluchtaigh
Údar:

www.nghs.fr

Ceadúnas: Saor in aisce
Maidir Leis

Is feidhmchláirín fónta é seo do ghutháin Android nuair atá focal faoi leith á lorg, teasáras go bunúsach. Téigh i dtuilleamaí an fhoclóra in áit ar bith. Ní gá nasc a bheith ann leis an ngréasán domhanda chun focail a chuardach. Tá sé an-áisiúil má táthar thar lear, in eitleán, nó in áit iarghúlta nach bhfuil ceangailte leis an idirlíon nó más mian cumhacht sa chadhnra a spáráil. Tá foclóirí i dteangacha eile ann freisin.

12/02/2015

Treoracha

Tá neart teangacha, an Ghaeilge san áireamh, ar an bhfeidhmchláirín seo. Is féidir focail chomhchiallacha i nGaeilge a lorg ar an bhfeidhmchláirín mar aon le teangacha eile amhail an Fhraincis, an Béarla agus cinn eile. Is féidir tuilleadh a íosluchtú más mian.

Ar GooglePlay, lorg an téarma “Off-line dictionary” agus ar aghaidh leat. Lean an gnáthnós. Roghnaigh na teangacha atá uait.

Íosluchtaítear na foclóirí chuig an cárta SD laistigh den ghuthán nuair a thosaítear an feidhmchláirín den chéad uair.

Íomhá den scáileán agus é i bhfeidhm:

Léirmheas

Tá sé an-mhaith.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Kevin Patrick Scannell

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ