MultiLing - méarchlár le tuarthéacs

Íosluchtaigh
Údar:

Honso

Ceadúnas: Saor in aisce
Maidir Leis

Má tá guthán Android agat agus má tá cabhair uait chun rudaí a chlóscríobh i nGaeilge is fiú go mór MultiLing Keyboard a íosluchtú agus a shuiteáil ar do ghuthán. Is méarchlár saor in aisce i gcomhair iliomad teangacha chun clóscríobh tuarthach a dhéanamh gan dua. Feabhsaíonn agus tapaíonn sé clóscríobh ar ghuthán. Cé go bhfuil sé maith, níl sé chomh maith leis an áis ag adaptxt, agus moltar duit an ceann sin a shuiteáil más féidir leat.

Treoracha

Íosluchtaigh ón leathanach ar Ghoogle Play é agus suiteáil ar do ghuthán é. Is féidir é a shuiteáil go díreach go dtí an guthán trí dhul go Google Play ar an nguthán nó is féidir é a shuiteáil go neamhdhíreach trí é a aimsiú ar Ghoogle Play ar ríomhaire.

Is gá an foclóir Gaeilge a íosluchtú i ndiaidh an feidhmchláirín a shuiteáil. Seo an nasc díreach chuig an foclóir Gaeilge.

Chun an Ghaeilge a roghnú ar an méarchlár, brúigh ar an gcnaipe “Bearna” (nó “Spás” más fearr leat). Feicfear ainm na teanga atá i bhfeidhm sa chnaipe sin. Tiocfaidh roghchlár aníos leis na teangacha uile atá suiteáilte don mhéarchlár ann. Roghnaigh “Irish” agus cuirfear an Ghaeilge i bhfeidhm. Nuair a thosaítear ag clóscríobh, cuirfear focail ar fáil bunaithe ar na litreacha a bhrúitear. Más mian leat focal a mholtar a roghnú, ní gá ach é a bhrúigh agus clóscríobhfar ar fad é. Mura bhfuil focal ann, is féidir é a chur i dtaisce sa chuimhne. Más gá malartú go teanga eile, ní gá ach an cnaipe “Bearna” a bhrúigh arís agus an teanga atá ag teastáil a roghnú nuair a thiocfaidh siad aníos.

Léirmheas

Is fearr go mór é seo ná easpa córais ar bith, ach moltar don úsáideoir an córas apaptxt a shuiteáil, ós rud e gur fearr é sin.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ