Más mian leat teachtaireachtaí ríomhphoist a chumadh, a sheoladh agus a léamh, ar-líne, is féidir sin a dhéanamh ar outlook.com, suíomh cuntas ríomhphoist saor in aisce ó Microsoft. Tá an suíomh ar fad ar fáil i nGaeilge. Is suíomh ríomhphoist snasta agus cumasach é. Nóta: Ní hionann é seo agus an Outlook atá in MS Office (atá ar fáil i nGaeilge freisin), ach áis atá cosúil le hotmail nó gmail. Níl gmail ar fáil i nGaeilge, faraor, mar sin is rogha maith é outlook.com.
Cláraigh le Outlook.com agus bíodh do chuntas ríomhphoist féin agat. Fiú má tá cuntas ríomhphoist hotmail.com agat, is féidir feidhm a bhaint as sin in outlook.com freisin.
Má tá Mozilla Firefox (i nGaeilge) á úsáid agat, agus tá súil againn go bhfuil mar is iontach an clár é, ba cheart roghnófaí Gaeilge mar theanga oibre as a stuaim féin. Mura bhfuil:
Chun an Ghaeilge a chur i bhfeidhm air, brúigh an deilbhín ar chlé ó d’ainm sa chúinne, ag barr thaobh dheas an leathanaigh. Osclóidh roghchlár anuas. Brúigh More mail settings. Osclóidh leathanach nua. Téigh chuig Customizing Outlook agus roghnaigh Language. Feicfear an Ghaeilge i measc na dteangacha. Brúigh í agus téigh síos chuig an bun chun an rogha sin a shábháil trí an cnaipe Save a bhrú.
Ar ndóigh, má bhaineann tú leas as Mozilla Firefox in outlook.com, is féidir leat Gaelspell agus Accentuate.us a íosluchtú mar bhreiseáin, rud a cabhróidh go mór leat scríobh go cruinn.
Is córas ríomhphoist cumasach agus acrach é outlook.com. Tig le daoine cunta(i)s a chlárú air gan dua, nó má tá cinn acu cheana féin, iad a riaradh trí Outlook (.i. MS Office). Is féidir cuntas Facebook agus Twitter a nascadh leis ionas gur féidir gach blúire cumarsáide phearsanta idirlín a aontú le chéile. Tá roghanna ann chun teachtaireachtaí a bhfuil cáipéisí nó grianghraif ceangailte leo a aimsiú go pras.
An tAistriúchán: | Tá an suíomh ar fad ar fáil i nGaeilge, agus é déanta go han-mhaith. |