Mozilla Firefox d'fhón cliste

Údar:

Mozilla

Ceadúnas: Saor, foinse oscailte
Teagmháil:

gaeilge@mozdev.org

Maidir Leis

Mozilla Firefox ar fáil anois don ghuthán Android agus iPhone, agus é i nGaeilge. Is brabhsálaí saor ó chostas, bunaithe ar fhoinse oscailte, é. Is iad na gnéithe is suntasaí ná cé chomh gasta agus chomh héasca atá sé le suiteáil agus le feidhm a bhaint as. Bain leas as!

Treoracha

Is cuid lárnach de Firefox don Android é an leagan Gaeilge, ó Samhain 2013. Ciallaíonn sé seo go ritheann an leagan Gaeilge de a luaithe agus a shuiteáiltear é ar thaibléad nó ar ghuthán ar a bhfuil an logchaighdeán (locale) Gaeilge ag feidhmiú air.

Tá an logchaighdeán Gaeilge ar fáil go caighdeánach ar ghutháin Samsung, ach toisc nach teanga oifigiúil de chuid an chórais Android í an Ghaeilge go fóill, ní féidir an logchaighdeán Gaeilge a roghnú ar ghléasanna eile, gan aip ar leith a chur i bhfeidhm orthu ar dtús.

Tá aip ann a chuireann ar do chumas an logchaighdeán Gaeilge, Éire (ga, IE) a chur i bhfeidhm ar do ríomhaire, fiú mura gcuireann sé an Ghaeilge féin i bhfeidhm. Tá sé seo tábhachtach, mar ciallaíonn sé gur féidir leas a bhaint as aipeanna atá ar fáil i nGaeilge fiú mura féidir an ríomhaire féin a chur ag obair sa teanga.

Chun an leagan Gaeilge a chur i bhfeidhm ar an iPhone caithfidh tú socraithe teanga an fóin a athrú.

23/11/2015

Léirmheas

Tá an-chuid gnéithe spéisiúla ag Firefox:

  • Cuirfear an t-eolas seo ar fáil ar ball. Is cinnte nach bhfuil an leagan don ghuthán chomh cumhachtach leis an leagan don ghnáthríomhaire, ach tá sé maith, agus i scoth na Gaeilge.

Mar a tharla dúinne, ba cheart go mbeadh an cur i láthair ar an idirlíon i bhfad níos fearr ná a bhíodh sé leis an brabhsálaí a tháinig leis an nguthán, mar aon le bheith i scoth na Gaeilge.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Mozilla - L

An tAistriúchán:

Firefox go huile is go hiomlán aistrithe go Gaeilge, agus caighdeán an-mhaith san aistriúchán. Déantar nuashonrú ar an nGaeilge go minic mar sin bíonn an leagan Gaeilge bord ar bhord leis na leagain i dteangacha móra amhail an Béarla, Fraincis agus araile.

Léigh anseo gluais i nGaeilge a bhaineann le Mozilla Firefox.

Moltaí Aistriúcháin:

Kevin P. Scannell

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ