An Caife Craosach

Íosluchtaigh
Údar:

Black Market Games, Doire Cholmcille

Ceadúnas: Saor ó chostas
Maidir Leis

Is cluiche idirghabhála é An Caife Craosach ina roghnaíonn an t-imreoir carachtar amháin, GabeGabby, le bheith mar bhainisteoir ar bhialann neamhghnách i mBaile Ravenwood. Caithfidh an t-imreoir freastal go sásúil ar na hollphéisteanna ar fad atá mar chustaiméirí na bialainne ionas go n-íocfaidh gach ceann acu sula bhfágfar. Is féidir an físchluiche seo a íosluchtú saor in aisce anois.

29/01/2015

Treoracha

Bunaithe ar eolas a chuir Gaelport ar fáil maidir leis an togra:

Tionscnamh de chuid an Fhorais [.i. Foras na Gaeilge] is ea An Caife Craosach atá maoinithe tríd an Scéim Nuálachais agus a cuireadh le chéile i gcomhar le Black Market Games.

Is cluiche idirghabhála é An Caife Craosach ina roghnaíonn an t-imreoir carachtar amháin, Gabe nó Gabby, le bheith mar bhainisteoir ar bhialann neamhghnách i mBaile Ravenwood. Caithfidh an t-imreoir freastal go sásúil ar na hollphéisteanna ar fad atá mar chustaiméirí na bialainne ionas go n-íocfaidh gach ceann acu sula bhfágfar.

Is bealach éagsúil é An Caife Craosach leis an nGaeilge a chur os comhair cainteoirí líofa agus daoine ar bheagán Gaeilge go spraíúil agus go taitneamhach. Ag seoladh an chluiche dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge “Le tionscnaimh mar seo is féidir linn an Ghaeilge a choinneáil suas chun dáta ó thaobh na teicneolaíochta agus cuirtear tacaíocht foghlama ar fáil don teanga. Tá áthas orainn go bhfuil baint againn leis an tionscadal”.

Dar le Lee Fallon as Black Market Games i nDoire, is coincheap é ón aon bhall den fhoireann nach Éireannach é leagan Gaeilge a dhéanamh don chluiche Dead Hungry Diner. “Tháinig Eric Reinhart aníos leis an smaoineamh leagan Gaeilge a chur ar fáil. Ós rud é gur cuideachta cluichíochta Éireannach sinn cheapamar go mbeadh cluiche as Gaeilge tarraingteach do dhaoine a labhraíonn Gaeilge agus a imríonn cluichí. Bhí ionadh orainn nár tharla a leithéid cheana agus bhí ríméad orainn nuair a d’imigh Foras na Gaeilge i gcomhar linn” a dúirt sé.

An Caife Craosach le fáil anois mar DVD nó mar íoslódáil dhigiteach saor in aisce. Is féidir an cluiche, a oireann do ríomhairí pearsanta nó ríomhairí glúine ar a bhfuil Windows, a fháil ó www.deadhungrydiner.com.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Black Water Games, Doire Cholmcille

An tAistriúchán:

Aistriúchán an-mhaith

Moltaí Aistriúcháin:

Lee Fallon, Black Water Games

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ