Windows 8, Comhéadan Gaeilge do

Íosluchtaigh
Údar:

Microsoft

Ceadúnas: Saor má tá Windows 8 agat cheana féin
Maidir Leis

Tá Pacáiste Comhéadan Teanga don Ghaeilge ("LIP” - Language Interface Pack) ar fáil don chóras oibriúcháin Microsoft Windows 8. Nuair a chuirtear an comhéadan seo i bhfeidhm, is i nGaeilge a bhíonn na codanna is mó a bhaintear leas astu faoin gcóras. Tá an téarmaíocht Ghaeilge an-sothuigthe den chuid is mó. Nóta: Ní mór leagan oifigiúil de Windows 8 a bheith suite ar an ríomhaire sa chéad áit, i mBéarla (SAM, RA).

Treoracha

Téigh go dtí an suíomh thuas, agus lean na treoracha a luaitear ansin.

Tá na treoracha níos simplí ná mar a bhídís.

Na teangacha ar fad atá ar fáil

Léirmheas

Ar na hathruithe teanga ar fad ar féidir a dhéanamh ar an ríomhaire, seo é an ceann is mó. Nuair a athraítear teanga chomhéadain an chórais oibriúcháin, bíonn teanga an ríomhaire á hathrú, go bunúsach. Mar sin, molaimid den té atá á dhéanamh seo fanacht go dtí go bhfuil taithí áirithe bainte amach aige ar na feidhmchláir eile ar dtús sula dtugann sé faoi.

Níl deacracht ar bith ann an teanga a athrú siar aniar idir Gaeilge agus Béarla, más gá.

Tógfaidh sé méid áirithe ama dul i dtaithí ar an dtéarmaíocht nua, ach ní fada an achar é. Tar éis tamaill, bíonn sé go huile agus go hiomlán nádúrtha leas a bhaint as.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Microsoft

An tAistriúchán:

Tá an t-aistriúchán maith agus sothuigthe.

Eisíodh an leagan seo luath go leor (mí nó mar sin) tar éis don bhunleagan Meiriceánach teacht amach.

Tá Microsoft le tréaslú as ucht na hoibre seo.

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ