Amarok

Ceadúnas: Saor ó chostas
Maidir Leis

Is seinnteoir ceoil mór-le-rá saor in aisce a bhfuil foinse oscailte aige é Amarok bunaithe ach go háisithe ar an gcóras Linux, ach a bhfuil leaganacha de ann freisin do Windows agus C.O. Apple. Tá clú air toisc a éasca agus atá sé leas a bhaint as an gcomhéadan. Tá leagan Gaeilge de ar fáil anois, den chéad uair. [Tá sé le cur ar fáil go luath - ta sé á thástáil faoi láthair.]

Treoracha

Cliceáil ar an nasc thuas, don chóras agat féin, agus lean na treoracha atá ansin. Íosluchtaigh an clár suiteála.

Tar éis duit an clár suiteála a íosluchtú, déan an clár féin a shuiteáil. Iarrtar ag an tús ort cén teanga atá uait - níl an Ghaeilge ar an gcéad liosta seo, mar sin is fear Béarla Mheiriceá a roghnú (mura bhfuil cúis ar leith agat gan é seo a dhéanamh). Go luath sa phróiseas suiteála, osclaíonn fuinneog na dteangacha - Tá sé an-éasca neamhaird a dhéanamh ar an leathanach seo, ach ná déantar! Mura roghnaíonn tú an Ghaeilge ag an staid seo, ní shuiteálfar an comhad cuí don Ghaeilge, mar sin bítear san airdeall!

Lean an próiseas go deireadh, agus ansin nuair a chuireann tú an clár féin ag feidhmiú, téigh go dtí an cluaisín “Help”, áit ina dtugtar an rogha duit an teanga a athrú. Déan Gaeilge a roghnú anseo, agus beidh an socrú seo i bhfeidhm an chéad uair eile a roghnaíonn tú an clár.

An leathanach ginearálta chun gach leagan a íosluchtú

Léirmheas

An-iomrá ar an gclár áirithe seo. Cén fáth a n-íocfá as ceann? Tá sé seo saor ó chostas agus an-mhaith.

Aistriúchán

Bainisteoir Aistriúcháin:

Kevin P. Scannell

  TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ