Tá foclóir nua Béarla - Gaeilge ann anois, agus tá sé ar fáil ar-líne saor in aisce. Seo é comharba fhoclóir de Bhaldraithe. Ní hamháin go bhfuil aistriúcháin scríofa ann ar na focail, ach tá taifid ar an-chuid acu i ngach ceann de na príomhchanúintí, agus tá neart samplaí ann den chaoi ina n-úsáidtear na focail. Is iontach an áis í. Nóta: Cé go bhfuil an-chuid focal ann, níl sé iomlán go fóill, mar sin is minic nach n-aimsítear focal. Beidh sé iomlán roimh dheireadh 2013, deirtear.
Téigh go dtí an suíomh idirlín thíos
Is suíomh den scoth é seo.
Is mór an trua é go mbeidh orainn fanacht go deireadh na bliana chun go mbeadh an liosta iomlán focal ann. Ach is féidir é a úsáid mar atá.
Is féidir focail Ghaeilge a lorg freisin.