Email Password
 

Céim 3: Ar an mBunscoil

Anois, tá taithí maith agat ar an ríomhaire i nGaeilge. Tá téarmaí nua foghlamtha agat, clár nó dhó nua saor in aisce íosluchtaithe agat freisin, agus tá muinín úr múscailte ionat. Anois, tá sé in am tabhairt faoi dhúshláin nua.

LibreOffice

B’fhéidir gur chuala tú trácht air seo, nó b’fhéidir nár chuala. Ach is mór an rud é. Ní thuigeann an domhan mór go bhfuil clár eile ann, atá an-chosúil le MS Office (Sin Word, Excel agus mar sin de), ar fáil saor in aisce agus i dtogha na Gaeilge, agus an-sothuigthe freisin (Tóg d’aimsir leis!). Sin LibreOffice.org. Féach anseo. Má tá tú ag scríobh i nGaeilge, is fearr an clár é seo ná MS Office. Níl leithéidí MS Outlook sa phacáiste, ach tá Mozilla Thunderbird agat cheana féin chuige sin, nach bhfuil?

Litreoir do LibreOffice

Ceann de na fáthanna go bhfuil LibreOffice chomh maith sin ó thaobh na Gaeilge de ná go bhfuil litreoir leictreonach den scoth ann, maille le teasáras agus eile. Táthar ag rá go mbeidh gramadóir leictreonach ann freisin go luath. Is gá an litreoir agus an teasáras leis a shuiteáil go neamhspleách. Féach anseo. Ba cheart duit é seo a dhéanamh.

An Vicipéid

Tá foinse iontach eolais ann, agus teacht éasca air. Sin an Vicipéid. Tá eolas air anseo. D’fhéadfá féin cur leis. An bhfuil rud éigin le míniú agat?

Facebook

Tá an chuma air go bhfuil leath an domhain ag baint leas as Facebook. Níl leath an domhain á úsáid i nGaeilge go fóill, in ainneoin é a bheith an-éasca. Tá an comhéadan Gaeilge ar Facebook go maith, mar cén fáth nach mbaineann tú leas as? Féach anseo.

... Agus anois, Céim 4