Email Password
 

Cothú Fadtéarma

Déantar síorfhorbairt ar bhogearraí, gó háirithe na cinn a bhaintear an-leas astu. Bíonn Ver 1.0 ann ar dtús, ansin sé mhí ina dhiaidh, bíonn Ver 1.1. Sé mhí eile, feictear Ver 1.2 ... Ansin, nuair a cheartaítear an-chuid rudaí, eisítear Ver 2.0. ... Má bhíonn forbróirí an-ghníomhach (ag ceartú meancóga, mar shampla, nó ag cur gnéithe nua le clár), gach seans go sroichtear Ver 10.10 nó níos airde... Uaireanta athraítear ainm an chláir freisin.

Ar aon nós, de ghnáth nuair a eisítear leagan nua de chlár bíonn teachtaireachtaí nua ann don úsáideoir, nó “teaghráin” mar a ghlaoitear orthu sa bhéarlagar, agus is gá iad seo a chur in oiriúint do na teangacha ar fad. Mar sin, ní bhíonn aon aistriúchán “críochnaithe” sa ghnáthchiall. Is gá “aire” a thabhairt dóibh.

Má tá clár á úsáid agatsa, agus tú ag baint sochar as, cén fáth nach ndéanann tú tairiscint feidhlíocht a dhéanamh air? Chuirfí fáilte roimhe sin.

Nuair a eisítear leagan úr de chlár (“eisínteacht”), de ghnáth ní bhíonn an oiread sin oibre le déanamh, ach bíonn sé tábhachtach an obair sin a dhéanamh go rialta ionas nach gcarnann sí.

Cuirfear liosta anseo de na feidhmchláir is tábhachtaí a bhíonn gá acu le haire dá leithéid seo.