Email Password
 

Clár Plé Ginearálta: Gaelic - L

Tá clár plé ginearálta ann sa Ghaeilge, GAELIC-L [ag] LISTSERV.HEANET.IE. Tá sé ag feidhmiú ar líne ó 1989 i leith, agus pléitear cúrsaí ríomhaireachta ann i measc rudaí eile. Is féidir fógraí a sheoladh amach ansin, mar shampla mar gheall ar thograí ríomhaireachta nó ar imeachtaí bainteach leis an ábhar.

Is féidir le daoine clárú mar bhaill de Gaeilge-L as a stuaim féin, mar seo a leanas:

Cuirtear an t-ordú thíosluaite:

SUBSCRIBE GAELIC-L Ainm Sloinne

mar theachtaireacht ríomhphoist aon líne go dtí an seoladh thíosluaite:

LISTSERV [ag] LISTSERV.HEANET.IE

Nóta: Is clar plé poiblí é, agus is féidir na teachtaireachtaí a fheiceáil ar líne, gan gá clárú, anseo. Ach ní mór clárú chun teachtaireachtaí a chur leis.