Email Password
 

Logánú ar LibreOffice

LibreOffice ar cheann de na tograí is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge de. Ní hamháin go bhfuil sé thar a bheith úsáideach agus fiúntach, ach tá an-chuid ag tarlú leis. Bítear ag forbairt an bhunfheidhmchláir go leanúnach; bíonn gnéithe nua á gcur leis i gcónaí, mar sin bíonn lucht aistrithe ar fud an domhain ag obair leo go leanúnach ag aistriú na dteaghrán nua a thagann ar an saol nuair a bhíonn nuashonrú ann. Ní haon eisceacht í an Ghaeilge, teanga ina mbíonn a leagan féin ar fáil go comhuaineach leis an mbunleagan Béarla de ghnáth.

Is togra mór é LibreOffice, agus chuirfeadh lucht na logánaíochta fáilte roimh éinne atá cáilithe chun cabhair a thabhairt. Cuimhnigh gur féidir tosú agus obair go mall, ag pé ráta a oireann don deontóir ama.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an meitheal LibreOffice ag an suíomh seo.

Nóta: Is comharba é LibreOffice ar OpenOffice.org. Nuair a bheartaigh Sun Microsystems gan a thuilleadh tacaíochta a thabhairt do OpenOffice.org lean forbróirí leis an togra, faoi scáil LibreOffice. Go bunúsach, is é an clár céanna é.

Dála an scéil: Tá an logánú ar Linux KDE ar siúl ag an bhfoireann chéanna, agus chuirfí fáilte roimh chabhair ansin freisin. Bheadh cúlra ríomhaireachta iontach fóirsteanach sa chás áirithe seo.