Email Password
 

Suiteáil an Mhéarchláir ar Ríomhairí Mac

Nóta: Ár mbuíochas leis an Dr. Vincent Morley a chuir an brat don chóras Mac ar fáil. Táimid go mór faoi chomaoin aige. Is é an Dr. Morley atá laistiar den suíomh gaelchlo.com áit ina bhfuil rogha leathan clófhoirne ar fáil sa chló Gaelach.

Nóta: Táimid ag glacadh leis go bhfuil méarchlár éigin in úsáid cheana féin ar an ríomhaire.

Seo mar a shuiteáiltear an méarchlár:

Céim 1 (Gach córas)

  • Déan an méarchlár a phlugáil isteach in aon phort USB saor.
  • Fan nóiméad nó dhó. Caithfear cúpla cnaipe a bhualadh chun an méarchlár a chur in aithne don ríomhaire. Níl an próiseas deacair mar taispeánann an córas oibriúcháin na treoracha ar an scáileán. Caithfear cnaipe a bhualadh chun go dtuige an ríomhaire cén saghas méarchlár atá nasctha leis.

Nóta: Ós rud é gur méarchlár nua é seo, agus nach bhfuil sé faofa ag leithéidí Apple, níl an tiomántán, nó “brat”, cuí dó ar do ríomhaire. Ní mór duitse é a chur air. Is chuige sin na céimeanna seo a leanas:

Céim 2 (Gach córas)

  • Déan an comhad seo a leanas a íosluchtú ar do ríomhaire:

Cad é?

“Beart” (Irish Nascanna.bundle) ina bhfuil an méarchlár agus an íocón ceangailte le chéile. Sna leaganacha is déanaí de Mac OS X (ó leagan 10.6 ar aghaidh, ar a dhéanaí) is féidir an “beart” a úsáid in ionad an dá chomhad neamhspleácha. Ach is féidir an dá chomhad (Irish Nascanna.keylayout agus Irish Nascanna.icns) a úsáid i gcónaí. Tá leaganacha níos sine den chóras ann nach féidir “beart” a úsáid leo.

  • Tá an méarchlár pacáilte i gcomhad comhdhlúite a bhfuil Irish Nascanna.bundle.zip air agus méadóidh Mac OS an comhad sin go huathoibríoch chun fillteán darb ainm Keyboard Layouts a chruthú (mura dtarlóidh sé sin, cliceáil ar Irish Nascanna.bundle.zip lena mhéadú). Laistigh den fhillteán beidh dhá chomhad - Irish Nascanna.keylayout (an méarchlár) agus Irish Nascanna.icns (deilbhín den litir “N”, an lógó ag Nascanna). Is comhad comhbhrúite atá i gceist leis seo.

Céim 3 (Gach córas)

  • Téigh chuig Computer > Macintosh HD > Library > Keyboard Layouts agus sábháil an dá chomhad (Irish Nascanna.keylayout agus Irish Nascanna.icns) ón gcéim dheireanach sa bhfillteán.

Gach córas, ach amháin an Córas Mavericks (10.9)

  • Téigh chuig System Preferences > International (Leopard) nó chuig System Preferences > Language & Text (Snow Leopard nó Lion/Mountain Lion). Feicfear fuinneog cosúil leis an gceann thíos. Cuardaigh sa liosta faoin teideal Input Menu (Leopard)Input Sources (Snow Leopard nó Lion/Mountain Lion) agus roghnaigh an bosca in aice le Irish Nascanna lena shuiteáil. Dún an fhuinneog. > Ar aghaidh go dtí Céim 4.

Mar a fheictear i Mountain Lion:

Ar an gCóras Mavericks (10.9) amháin

  • Téigh chuig System Preferences > Language & Region > Keyboard Preferences. Feicfear fuinneog cosúil leis an gceann thíos:

  • Roghnaigh ‘Input Sources agus ansin an cnaipe a bhfuil ‘+’ air. Osclóidh bosca cosúil leis an gceann seo:

  • Roghnaigh Irish Nascanna agus Add; cuirfear Irish Nascanna le liosta na méarchláracha atá le fáil, mar atá anseo:

Céim 4 (Gach córas)

  • Téigh ar ais go dtí an roghchlár ag barr an scáileáin agus roghnaigh Irish Nascanna mar mhéarchlár oibre - féach thíos.

Beidh tú in ann athrú idir na méarchláir go léir atá suiteáilte ar an ríomhaire (mar shampla, idir “Irish”, “Irish Nascanna” agus “Cló Gaelach” sa sampla atá léirithe thuas) de réir mar a oireann ceann nó eile de na méarchláir duit.

Nóta maidir leis an tástáil:

Tástáladh an méarchlár le leagan 10.6 ("Snow Leopard"), leagan 10.7 ("Lion"), leagan 10.8 ("Mountain Lion") agus an leagan is deireanaí, 10.9 ("Mavericks") den Mac OS X. Ní féidir a bheith cinnte go n-oibreoidh sé le leaganacha de OS X atá níos sine ná 10.6. Cuirfimid fáilte roimh aiseolas faoi na cúrsaí seo.

TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ