Email Password
 

Leagan Amach an Mhéarchláir

Is féidir suas le ceithre charachtar nó siombail a aimsiú ar gach cnaipe. Nuair is féidir iliomad toradh a bheith ann, taispeántar na féidearthachtaí ar an gcnaipe féin, sna cúinní. Chun na carachtair sin a aimsiú ní mór an cnaipe AltGr, Iomlaoid (Shift), nó an an dá cheann acu a rognú in éineacht leis an nbunchnaipe, faoi mar a léirítear sa phictiúr seo:

Mionsonraí

Seo a leanas na carachtair a aimsítear nuair a bhrúitear na bunchnaipí:

Seo a leanas na carachtair a aimsítear nuair a bhrúitear na bunchnaipí mar aon leis an gcnaipe Iomlaoid:

Seo a leanas na carachtair a aimsítear nuair a bhrúitear na bunchnaipí mar aon leis an gcnaipe AltGr:

Tabhair faoi dearadh gur féidir a thuilleadh carachtar a aimsiú ná mar a léirítear ar an méarchlár féin. Ina measc seo tá na carachtair sa chló Gaelach, más ann dóibh sa chlófhoireann atá roghnaithe.

Seo a leanas na carachtair a aimsítear nuair a bhrúitear na bunchnaipí mar aon leis na cnaipí Iomlaoid agus AltGr:

Sa chás seo tá gá trí chnaipe a bhrú le chéile, rud nach bhfuil chomh héasca sin. Féach gur féidir na torthaí céanna a fháil le díreach dhá chnaipe freisin, ar chnaipí eile, trí leas a bhaint as AltGr. Taispeántar na féidearthachtaí sin sna boscaí dearga thuas, ach ní léirítear iad seo (go fóill) ar an méarchlár féin. Má tá tuairim agat féin maidir leis seo, roinn linn é!

Nóta: is féidir teacht ar na gutaí grave (à, ù, ò, è, ì) ar an gcaoi chéanna agus a aimsítear iad leis an méarchlár RA/Éire, sé sin trí leas a bhaint ar an “gcnaipe marbh”, thuas ar barr ar chlé (`).

Focal Scoir

Seo an leagan amach a mheasamar a bheadh inghlactha ag an bpobal Gaelach. Tá éagsúlachtaí suntasacha ann i gcomparáid leis an méarchlár Sasanach atá in úsáid faoi láthair, ach d’fhéadfadh na héagsúlachtaí a bheith níos suntasaí fós. Mar shampla, cén fáth go bhfuil an eoró bocht (€) sáinnithe i réimeas an AltGr, agus áit níos suntasaí ag an bpunt (£) agus an dollar ($)? D’fhéadfaí leagan níos radacaí fós a chur ar fáil, ceann a bheadh níos oiriúnaí d’Éirinn. Cad é do mheas? An nglacfaí leis? An bhfuil moladh agat féin? Níl eagla ar bith orainn roimh nuálaíocht! Abair leat!

TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ