Email Password
 

An Méarchlár ar Windows 10

Tá feidhm leis an mbrat a luaitear le Windows XP, 7 agus 8 le Windows 10 freisin.

Cuirfear na treoracha cuí in airde anseo go luath.

Seo tús leo:

Nóta: Táimid ag glacadh leis go bhfuil méarchlár éigin in úsáid cheana féin ar an ríomhaire.

Seo mar a shuiteáiltear an méarchlár:

Céim 1

  • Déan an méarchlár a phlugáil isteach in aon phort USB saor.
  • Fan nóiméad nó dhó, agus ansin bain triail as roinnt cnaipí a bhrú. Cinntigh, mar shampla trí leas a bhaint as clár ar nós MS Word, nó LibreOffice Writer, go “bhfeiceann” an ríomhaire an méarchlár nua. Ag an bpointe seo, ní thuigeann an ríomhaire go bhfuil an méarchlár éagsúil ón gceann a bhí ann roimhe, mar sin ní fheicfear na gutaí fada nuair a bhrúitear na cnaipí cuí go fóill. Is ag tástáil an naisc leictrigh atáthar anseo mar aon le comhoiriúnacht ghinearálta an mhéarchláir.

Nóta: Ós rud é gur méarchlár nua é seo, agus nach bhfuil sé faofa ag leithéidí Microsoft, níl an tiomántán, nó “brat”, cuí dó ar do ríomhaire. Ní mór duitse é a chur air. Is chuige sin na céimeanna seo a leanas:

Céim 2

  • Déan an comhad seo a leanas a íosluchtú ar do ríomhaire:
  • Déan an comhad a chur i dtaisce ar do ríomhaire. De ghnáth is leor é a chur sa ghnáthfhillteán d’ábhair íosluchtaithe ("Íoslódálacha"/"Downloaded Files").

Is comhad comhbhrúite atá i gceist leis seo.

Nóta: Tá lánchead an comhad seo a scaipeadh gan srian ar bith.

Céim 3

  • Aimsigh an comhad atá díreach íosluchtaithe agat. Oscail é. (Glacaimid leis go bhfuil clár agat a bhfuil ar a chumas é seo a dhéanamh; soláthraítear le ríomhairí iad de ghnáth.)
  • Roghnaigh “setup.exe” (nó “setup"), agus lig don chlár é féin a shuiteáil. (Gach seans go dtabharfaidh an ríomhaire rabhadh duit maidir le foinse “neamhiontaofa” nó “anaithnid”, ach lig leis.)

Ag an bpointe seo, beidh an leagan amach a bhaineann leis an méarchlár nua agat ar an ríomhaire, ach ní rogha bheo í go fóill. Caithfear an rogha sin a dhéanamh fós.

TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ