Email Password
 

Áiseanna atá á nUllmhú faoi Láthair

Seo blaiseadh de na tograí atá idir lámha i láthair na huaire, agus atá ar eolas againn.

De ghnáth bíonn duine amháin freagrach as bainistiú thogra an aistriúcháin, agus is féidir a bheith cinnte go gcuireann an duine seo fáilte roimh éinne a dhéanann tairiscint cúnamh a thabhairt. Mar sin, tapaigh an deis chun aithne a dhéanamh ar chairde úra!

Freeciv

Seo cluiche saor in aisce bunaithe ar an gcluiche cáiliúil Civilization a imrítear ar an idirlíon idir imreoirí in áiteanna éagsúla, a d’fhorbair Sid Meier. Is clár tráchtála é Civilization agus díoladh breis agus ceithre mhilliún cóip de. Tá an t-aistriúchán á dhéanamh i láthair na huaire.

Léigh tuilleadh faoi Freeciv anseo.

Is é Kevin Scannell atá i mbun an togra seo, agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis ar an suíomh baile ag FreeCiv

Kompozer

Seo clár eagarthóireachta agus ullmhúcháin do shuíomhanna idirlín. Is féidir suíomh a fhorbairt as an nua leis an bhfeidhmchlár seo atá saor in aisce.

Níl sé chomh saibhir leis na feidhmchláir thráchtála, ar nós Dreamweaver, ach oibríonn sé go maith mar sin féin agus tá sé cuíosach éasca le húsáid. Beidh sé ar fáil go luath.

Is é Seanán Ó Coistín atá i mbun an togra seo: seanan@durud.ie

GIMP

Seo clár eagarthóireachta íomhánna, leithéidí Photoshop, ach bunaithe ar an bhfoinse oscailte. Tá roinnt de aistrithe ag an bpointe seo, agus táthar ag obair air i gcónaí.